Tar Agus Tóg

Ceaití Ní Bheildiúin

Labhrann an Cnoc:

Má tá cosaint uait, tar 
i dtreo mo shleasa is mo dhúnta;
má tá beannacht uait, tar 
chun mo thoibreacha;
má tá ort dul i bhfolach, tar             
faoi ionarbhréid mo cheo.    

Feairim fáilte roimis glaine croí
roimis aigne leathan oscailte.
Altaím taithí nua, cuairteoirí nua -
na laochanna is an lag araon.
Tar ón Afraic is ón Oirthear
ó Siria, ón Eiritré, ón Afganastáin. 

Tá scóip anseo ar mo sciortaí
togha is rogha do thithe:
tithe móra an Tíogair Cheiltigh
tithe móra na gcroíthe móra
tithe beaga fáilteacha
tithe lán 
ach slí i gcónaí do dhaoine breise iontu
tithe samhraidh, tithe samhlaithe
tithe folmha, tithe ullmha
tithe tréigthe, tithe titithe 
tithe tinteáin le ceol is brí
tithe an dua, tithe na sí. 
 
Tar thar lear, thar tairseach chugam –
tá clocháin is botháin
is láithreacha agam 
is fothain anseo do phobal.
Tar isteach i mo bharróg.
Tar agus tóg.

Page 49, Poetry Ireland Review Issue 117
Issue 117

Poetry Ireland Review Issue 117:

Edited by Vona Groarke

Issue 117 includes new poems from over twenty five poets from Ireland, the UK, the US and elsewhere, along with three new poems by Michael Longley, one of the UK’s foremost contemporary poets. The issue features reviews of more than twenty new poetry collections, including books by Seamus Heaney, Paul Muldoon, Claudia Rankine, Louise Gluck, Eavan Boland, Dennis O’Driscoll and Dermot Healy. Interviews include a feature on photographer, Seamus Murphy, about collaborating with musician and poet PJ Harvey and poet Eliza Griswold on separate publications, as well as an interview with Welsh poet Gwyneth Lewis by Colette Bryce. Colour plates include photography by Seamus Murphy and artwork by Niamh Flanagan.