Feature Articles

SLEEPLESS IN NEW DELHI le Gabriel Rosenstock

(PI News, September/October 2002)

Duine de na daoine a thagann go dtí an tAcadamh chun éisteacht le mo chuid filíochta, cuireann sé é féin in aithne dhom go cúirtéiseach: ‘Is mise Nirankar Narain Saxena. Scríobhaimse teras!’ ‘Maith thú féin,’ a deirimse agus mé ag iarraidh a dhéanamh amach cad sa diabhal iad na teras seo mar nach cuimhin liom teacht orthu sa Princeton Handbook of Multicultural Poetries ná I lámhleabhar ar bith dá shórt. Is fearr a bheith macánta agus gan a bheith ag ligint orm, mar sin deirimse leis: ‘Níl fhios agam go baileach cad iad na teras seo agat, is baolach.’ Is léir nach bhfuil sé chun dearg-aineolaí a thabhairt orm. A mhalairt. Is iontach an ní é go bhfuilim chomh fiosrach sin, go bhfuilim sásta cur le mo stór eolais. ‘Conas a chloisfeá trácht orthu, a chara? Níl a fhios ag éinne cad is teras ann.’ Braithim míle uair níos fearr… bhuel, ní hea, go baileach, ach tugann an admháil chroíúil sin faoiseamh éigin dom. ‘Foirm nua is ea í. Mise mé féin a chum!’ Tá an tOllamh Satchidanandan ag féachaint orm as eireaball a shúile – an é go bhfuil trua aige dom? Cén fáth go mbeadh? ‘Bhuel, féar plé dhuit!’ a deirimse, ag tréaslú a ghaisce leis. ‘An – an mbeadh sampla de do shaothar ansin agat?’ Bheadh gan dabht. Sula mbeadh aga agat ar ‘Dia idir sinn is na teras’ a rá, síneann sé leabhar chugam.’ Ba mhaith liom é a cheannach uait!’

Cuirim lámh i mo phóca. ‘Ni hea, is leat é. Bíodh sé agat!’ ar sé. Glacaim leis an mbronntanas. ‘Is é atá sa bhfoirm nua agam ná trí fhocal déag – ní hiku iad’ ar sé.
Hiku? ‘Ó, haiku ab ea?’
‘Sea, ní hiku iad…ach teras!’
Tosnaím á léamh. Leathann na súile orm. Níl ach dhá líne léite agam agus – an fíor? Bíonn orm dul siar arís ar an dá líne sin. Ar léas i gceart iad? Léigh. Tá na teras seo… conas a chuirfidh mé é…
‘Céad caoga rúipí!’ ar sé, go tobann.
Baintear preab asam. Nár bhronntanas ab ea é?
‘An mbeifeá in ann 500 a bhriseadh?’ Féachann sé ar an nota 500, faoi mar ná faca sé a leithéid riamh cheana. An chuma ar an scéal ná beidh sé in ann é a bhriseadh. Ransaíonn sé a sparán; na pócaí ansin. Síneann slam beag nótaí chugam. Ní bhacaim lena gcomhaireamh. Tar éis an tsaoil, cén luach is féidir a chur ar teras? Léim an nóta beathaisnéise. Deir sé gur baitsiléir é an t-údar agus go mbíonn sé an-ghnóthach an t-am ar fad. Ní non sequitur é sin. Tá gaol éigin ag an dá fhíric lena chéile.
‘An síneofá dhom é?’ Tagann aoibh air. Deinim amach gur lá speisialta dó an lá inniu – ar nós an chéad chuairt ar an zú, abair.

Síníonn sé an leabhar dom – ‘le grá’. Jaysus, nílim ach díreach tar éis bualadh leis agus tá grá aige dom cheana féin. B’fhearr dhom ceann de na dánta a léamh.
‘Á, phioc tú an ceann is fearr,’ ar sé.
Seo é:

Pray
Read write
Enjoy
If you please
Send comments
Yours truly, NN Saxena

Féachann sé orm, mar a bheadh gadhar fáin sa chlapsholas ann, é ag súil go ligfinn isteach é agus é a chothú ón lá míorúilteach seo go lá a bháis. Níl fhios agam an ceart gáire a dhéanamh nó gol. Arsa mise i m’aigne féin,’Léifear do shaothar nuair a bheidh dearmad déanta ar Kalidasa, Bihuri agus Tagore – ach ní go dtí sin!’
Tá sé fós do mo scrúdú.
‘Cén fáth –?’ arsa mise. Táim ag iarraidh smaoineamh ar rud éigin a rá.
‘Gabh mo leithscéal?’
‘Sea, cén fáth…? Cén fáth trí fhocal déag?’
Maíonn a sheangháire arís air. Tá sé chun ceann de mhistéirí móra an Oirthir a roinnt liom.
‘Bíonn 13 mí-ádhmharach, nach mbíonn?’
‘Hmm…’
‘Bréagnóidh na teras an teoiric sin!’ arsa Nirankair Narain Saxena, M.A.

Gabriel Rosenstock discovers a new verse-form in the Sahitya Akademi of New Delhi, in this extract from his forthcoming travelogue Ólann Mo Mhiúil as an nGainséis (My Mule Drinks from the Ganges), to be published later this year by Cló Iar-Chonnachta.

  • WIS Single Visit Application Form
  • Writers in Libraries Application Form
  • Writers in Residence Application Form
pixel design