Poem of the week

Bríd Ní Mhóráin 

Gile Lá Bealtaine

Canann Gwenan fionn ón mBreatain Bhig 
amhráin atá chomh glégheal le sceach na Bealtaine, 
a méaranta ag scinneadh thar théada an aoibhnis 
dála féileacáin thar chloigíní gorma támáilte. 

 

Scaipeann a guth mín scailp an uaignis 
is leathann an sonas trí shéipéal an Bhuailtín 
mar a lonraíonn aingeal an bhinnis 
ar nós coinneal bhán ar altóir mharmair. 

 

Baineann a scol macalla as an gcroí 
a scaoileann le fuinneamh an ghliondair, 
rinceann sé steip aerach an séipéal síos 
ag beannú is ag leigheas an chomhluadair. 

 

Suas an Máimín a ghluaiseann meidhir Gwenan 
áit a mbuaileann cloig chraorac na bhfiúisís 
os íseal, i dtiúin le réiltíní an cheoil 
a gháireann i síoda dúghorm Lá Bealtaine. 

read on