Guth na hÉigse

I gcomhar le hIMRAM, tá dhá thionscnamh nua spreagúla seolta ag Éigse Éireann a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a spreagadh mar chuid dá gclár iar-bhunscoile. Is comórtas píolótach Comórtas Léiriú Filíochta d’Iar-Bhunscoileanna é Guth na hÉigse, bunaithe ar theimpléad rathúil Poetry Aloud. Chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Éigse Éireann tús le Poetry Aloud in 2007. Mar chuid de Guth​ na hÉigse tá Comórtas Labhartha Filíochta agus Comórtas Duais Bashō Haiku, comórtas haiku Béarla agus Gaeilge.

Tá sé mar aidhm ag Guth na hÉigse mic léinn a spreagadh chun dánta Gaeilge a fhoghlaim de ghlanmheabhair agus na dánta a rá os ard ag babhtaí réigiúnacha agus ag craobh náisiúnta mar chuid d’Fhéile Litríochta Gaeilge IMRAM 2022 i mí na Samhna.

Tá na comórtais oscailte anois agus tá Poetry Ireland agus IMRAM ag iarraidh ar mhúinteoirí iar-bhunscoile a gcuid daltaí a bheith páirteach.

Guth na hÉigse oscailte do gach chineál scoil iarbhunoideachais ar fud oileán na hÉireann, thuaidh agus theas, ar a bhfuil:

(a) Scoileanna Béarla

(b) Gaelcholáistí

(c) Scoileanna Gaeltachta

SÓISEAR:
Bliain 1 & 2 i scoileanna na Poblachta, agus blianta 8,9 agus 10 ó Thuaisceart Éireann.

IDIRMHEÁNACH
Bliain 3 & 4 (Pob. na hÉir.) agus blianta 11 agus 12(Tuaisc. Éir.)

SINSIR
Bliain 5 & 6 (Pob. na hÉir.) , agus Bliain 6 Íochtar agus Uachtar (Tuaisc. Éir.)

Cláraigh roimh an 17 Deireadh Fómhair. Seol iontrálacha i bhfoirm físeáin isteach roimh an 22 Deireadh Fómhair.

Bí cinnte go bhfuil na Rialacha agus na hAcmhainní léite agat. Fhoirm Iontrála ar Líne. 


DÁNTA FORORDAITHE

Faigh na dánta don chéad bhabhta agus aistriúcháin do na dánta anseo.

Cliceáil anseo chun na dánta don bhabhta leathcheannais a fháil.

Faigh an fhoirm toilithe anseo i mBéarlai nGaeilge

Ní mór do thuismitheoirí/caomhnóirí foirmeacha a shíniú agus a thabhairt ar ais do na múinteoirí. Ansin ceangail scanadh nó grianghraf de na foirmeacha toilithe sínithe, leis na jotforms, agus tú ag clárú do "Guth na hÉigse" nuair a bhíonn iontrálacha físe á n-uaslódáil le bhur dtoil.
 

Ar son tuilleadh eolais cuir fios ar Chomhordaitheoir Thionscnamh Ghuth na hÉigse
Fiona Ní Ghloínn

EMAIL | RÍOMHPHOST: eigse@poetryireland.ie
MOBILE | FÓN PÓCA: 086 3913343