Éigse Éireann Iarratas ar Chomhpháirtíocht

13th February 2024

Tá Éigse Éireann tiomanta chun filíocht a cheangal le daoine. Is é ceann de na slite ina dtugaimid faoi seo ná trí thacaíocht a thabhairt do dhaoine eile chun imeachtaí beo agus léamha filíochta a chruthú ar fud na hÉireann. 

Tríd an tacaíocht a fhaighimid ó An Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart na hÉireann, is mór againn a bheith in ann bronnadh a dhéanamh ar chomhPháirtíochtaí le féilte, oifigí ealaíon, ionaid ealaíon agus léiritheoirí sa bhaile agus thar lear.

Cuireann na comhpháirtíochtaí seo ar ár gcumas deiseanna sa léamh agus sa taibhiú a chruthú d’fhilí ag gach staid dá ngairmeacha agus sinn ag deimhniú dá réir go mbíonn an saothar is fearr curtha ar fáil don lucht éisteachta/féachana is fairsinge.agus is féidir agus todhchaí á deimhniú againn d’fhilíocht na hÉireann a chéiliúrtar mar a céiliúradh riamh í san anallód.

In 2024, tá tosaíochtaí áirithe le haghaidh tacaíocht chomhpháirtíochta d’fhéilte agus d’imeachtaí sainaitheanta ag Éigse Éireann: 

1. Cuireann ár mBeartas um Chomhionannas, Ilghnéitheacht agus Ionchuimsiú filí chun cinn atá eisiata, faoi ghannionadaíocht nó imeallaithe-tá díocas faoi leith orainn tacú le himeachtaí nó léamha a chuireann saothar foilsithe nó an fhilíocht ó bhéal chun cinn le filí óna leithéidsean de chúlraí.

2. Imeachtaí/léamha idirghlúine-a chuireann cnuasaigh nuafhoilsithe/díolamaí chun cinn, a thógann le chéile filí atá aibí ina gceird agus filí atá go luath ina ngairmréim, filí a bhfuil a saothar foilsithe acu m.sh. filí Céadlínte.

3. Príomhimeachtaí -bheadh tacaíocht d’aíonna idirnáisiúnta agus/nó imeachtaí cumaisc ceol + léamh san áireamh ansin.

Cé nach bhfuil ar ár gcumas maoiniú iomlán a thabhairt mar thacaíocht d’aon imeacht, tá ar ár gcumas cur leis na buiséid.  Ina theannta sin, cuirimid tacaíocht chumarsáide ar fáil trí imeachtaí a chur san áireamh inár nuachtlitir, ar ár suíomh gréasáin agus ar na meáin shóisialta. Ina theannta sin déanaimid gach iarracht freastal ar fhéilte agus ar imeachtaí a dtugaimid tacaíocht dóibh.

Iarrann an ‘ghairm’ seo tograí ó Fhéilte/Imeachtaí a bheidh ar siúl le linn 2024.  I gcás féilte agus imeachtaí a bheidh ar siúl idir Eanáir agus Meitheamh 2024, tugaimid cuireadh duit freagra a chur chugainn faoin 31 Eanáir 2024.  Is é 30 Aibreán an spriocdháta i gcomhair féilte agus imeachtaí a bheidh ar siúl ó mhí Iúil go mí na Nollag 2024. 

Riachtanais i dtaobh Bileála agus Brandála:

1. Is gá go mbeadh an cheannlíne seo a leanas ar gach togra a mhaoinítear: 
" curtha i láthair i gcomhar le hÉigse Éireann."

2. Ní mór ár lógó a bheith ar ‘leathanach’ an imeachta, ar líne agus sa bhróisiúr cruachóipe agus ar na meáin shóisialta ar fad a bhaineann leis an togra.  Cuirfimid ár bpacáiste lógó ar fáil.

3. Iarraimid go dtabharfar aitheantas don tacaíocht ó Éigse Éireann ag tús na hócáide 

4. Nuair a bhíonn sé indéanta go praiticiúil, iarraimid go gcuirfear preabsheastán Éigse Éireann nó brandáil ar taispeáint ag gach aon imeacht a dtugaimid tacaíocht dó chomh maith le foilseacháin de chuid Éigse Éireann, m.sh. Poetry Ireland Review agus Trumpet a bheith curtha ar fáil i siopaí leabhair ag féilte lena dtacaímid.

https://form.jotform.com/240433008362345