Céadlínte Éigse Éireann

Tugann an clár dátheangach seo deis d’fhilí atá i laethanta luatha an tsaoil scríbhneoireachta a gcuid oibre a chur os comhair an tsaoil trí cheardlanna agus taibhiú. Tugann sé deis do na rannpháirtithe a gcuid oibre a fhoilsiú trí ríomhfhoilseachán a chruthaíonn Éigse Éireann gach bliain.


Poet Ola Majakodunmi speaks on stage at the Introductions / Céadlínte Showcase 2025
Poet Ola Majekodunmi at the Introductions / Céadlínte Showcase 2025

Céadlínte Éise Éireann 2025

Beidh na filí a roghnófar do Introductions / Céadlínte 2025 rannpháirteach i réimse ceardlann a dhíreofar ar chuidiú leo an cineál agus an cheird a fhorbairt, conas a saothar a fhoilsiú chomh maith le máistir-rang ar ealaín na léitheoireachta agus an fhilíocht a léamh go poiblí.

I measc na dteagascóirí ar chlár na bliana seo tá Jessica Traynor, Aifric Mac Aodha, Adam Wyeth, Ciara Ní É, Katie Donovan agus Catherine Ann Cullen.

Tionólfar na ceardlanna deireadh seachtaine i mBaile Átha Cliath Dé hAoine an 5 Meán Fómhair agus Dé Sathairn an 6 Meán Fómhair.

I ndiaidh cheardlanna an deireadh seachtaine, tiocfaidh Introductions / Céadlínte 2025 chun buaice le dhá léamh poiblí ina léifear saothar gach duine de na rannpháirtithe i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna, an tráth céanna a sheolfar an ríomhfhoilseachán.

I measc na ndaoine a ghlac páirt sa tsraith Introductions / Céadlínte cheana tá Nidhi Zak / Aria Eipe, Molly Twomey, Eleanor Hooker, Martin Dyar, Doireann Ní Ghríofa, Susannah Dickey, Jane Clarke, Victoria Kennefick, Erin Fornoff, Alvy Carragher, agus Stephen Connolly. Tá saothar le filí de chuid Introductions / Céadlínte foilsithe ag Dedalus Press, Gallery Press, Salmon Poetry, agus Carcanet Press, agus bhuaigh a saothar duaiseanna iomadúla, ina measc Gradam Rooney agus Gradam Mhichíl Uí Airtnéide, chomh maith le haitheantas a fuarthas ag Gradaim Leabhar an Post. Chomh maith leis sin, fuair iar-rannpháirtithe cuireadh chun a saothar a léamh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, ó Chorcaigh go Nua-Eabhrac, ó Bhéal Feirste go Mumbai.    

 

Conas iarratas a dhéanamh: 

  • Chun bheith san iomaíocht le haghaidh an roghnaithe do Introductions / Céadlínte 2025, ba cheart d’fhilí ar suim leo sin a gcuid saothair a chur isteach in éineacht le gearrchuntas beathaisnéise agus litir chumhdaigh. 
  • Rogha de dhánta foilsithe nó neamhfhoilsithe (nach mó ná 10 leathanach ar fad). 

 

Nóta:

  • Go hidéalach, beidh na hiarratsóirí don chlár tar éis saothar a fhoilsiú in irisleabhair agus in irisí bunaithe, agus beidh said ag obair i dtreo an chéad chnuasach a chur le chéile.
  • Cé go gcaithfidh duine a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad, níl aon uasteorainn aoise ann; tá fáilte roimh fhilí atá i dtús a ngairmréime cur isteach, is cuma cén aois iad.
  • Filí a chónaíonn ar oileán na hÉireann faoi láthair atá i dteideal cur isteach, agus iad sin amháin. Caithfidh na hiarratasóirí a n-éiríonn leo a bheith ar fáil chun freastal ar na ceardlanna agus ar an léamh in Éirinn san fhómhar. Ní chuirfear iarratais san áireamh ó fhilí nach bhfuil cónaí orthu in Éirinn faoi láthair.
  • Measúnóir neamhspleách, bunaithe a dhéanann measúnú ar na hiarratais.
  • Is gnáth go gcuirtear na hiarratasóirí a roghnaítear ar an eolas taobh istigh de shé seachtaine ón spriocdháta agus, ag brath ar líon na n-iarratas a fhaightear,
  • Deichniúr filí Béarla agus cúigear filí Gaeilge a roghnaítear gach bliain.
  • Molaimid go gcuirfí iarratais isteach ó fhilí a bhfuil tearcionadaíocht acu faoi láthair i saol na filíochta in Éirinn, lena n-áirítear na dreamanna seo a leanas (ach ní iadsan amháin): filí de dhath, daoine a bhfuil féiniúlachtaí éagsúla inscne agus gnéis acu, filí faoi mhíchumas, agus mionlaigh eitneacha, chultúrtha agus chreidimh.