An Mháthair Adhmaid agus a Mac

Stíofán Ó hIfearnáin
I.
 
Chailleamar í ar a haistear aerga,
Idir coill an aitil agus sceach an aitinn:
Áit bhaolach í an teorainn.
 
Thit sí an nóiméad a cheap sí
Go raibh an deighilt slán aici.
 
... i nduilliúir na coille
a chodlaíonn a hanam ...
 
Maidir leis an gcorp
Tá sé fós linne.
 
Na soilse múchta
i gcipíní na súile.
 
 
II.
 
Milltí aríst is aríst é:
Go dtí gur dhein sé dearmhad
Cé go díreach a bhí ann – 
 
Créatúir
A shiúileadh na sráideanna:
gan mheas. Gan moladh ó éinne.
 
Chonac ar maidin
In éadaí na cille é:
An tsochraid réamh-ullmhaithe aige.
 
Níl eadrainn ach an chónra.
Page 44, Poetry Ireland Review Issue 124
Issue 124

Poetry Ireland Review Issue 124:

Edited by Eavan Boland

Poetry Ireland Review 124 contains new poems from Paula Meehan, Ciarán O'Rourke, Lizzy Nichols, Mark Ward, Gabriel Rosenstock, Özgecan Kesici, Doireann Ní Ghríofa, and many other compelling voices. Also included is Eilean Ni Chuilleanáin's remembrance of her Cork childhood, excerpted from The Vibrant House: Irish Writing and Domestic Space, a book of essays reviewed in issue 124 by Caitríona O'Reilly. Other books considered in this issue include collections from Annemarie Ní Churreáin, Mark Granier, Tara Bergin, The Cambridge Companion to Irish Poets, and the Collected Poems of the late Dennis O'Driscoll, and there's also a short interview with Thomas Kinsella along with an essay on Kinsella as poet and civil servant. Another Kinsella is this issue’s Featured Poet, Alice Kinsella, and all artwork for the issue is supplied by artists associated with the Olivier Cornet Gallery on Great Denmark Street, around the corner from Poetry Ireland.

Available now to purchase online or in all good bookstores.