Aifric Mac Aodha
Aithnítear nach leor seo, nach leor taobh na fothana ná faisnéis na heachtra, nach leor an siar is aniar a luíonn le hainm is fíor, roimh oscailt súl na maidine. Aithnítear nach leor seo.
 
Tá cúig bliana déag ann ó d’éag m’athair, fear a dúirt faoi anáil an mhoirfín dó, Of all the bishops, I speak the best Latin. Tá a fhios agam nach leor seo. Ach mo mhilleadh féin i m’aonar – an focal bearrtha – níl ionam fós imeacht uathu.
 
Leor is leorghníomh, ní hionann – aithním, a chuid, nach leor seo.
 
*
 
Fágann an bhearna
idir seo is sin
nach ceadmhach
a bhfuil caite
 
a ligean le neach –
an focal féin, neach,
ní ceadmhach
é a ligean isteach.
 
Ní ceadmhach 
fiú, ceadmhach.
Tagann siad, an fhainic
is an oscailt faoi seach.
 
*
 
Cé leis an imirt,
an t-athrú uabhair?
Éislinn gan chosaint
an éist linn dúchais.
 
Tugtar suas don riadaire, 
mámh is drámh na teanga,
an radaire a thuigeann
– ar nós an rince –
 
go bhfuil na seanchéimeanna
imithe i léig orainn,
nach athbhríoch don athbhrí
ach a gcaitear siar ró-éasca.
 
*
 
Ar an riadaire, óltar deoch,
ach géilltear fós don réice.
 
Fear na gceirníní,
airíonn ag teacht í,
dreach Monroe
ar a sála daite.
 
Tá, ar a ghob aige,
an freagra sciobtha,
gur nua ag Marilyn dul
ag breathnú suas sciorta.
 
Cé d’iarrfadh 
athrú ceoil air,
an tsúil le goimh,
an chos i dtaca?
 
Lena cheart a thabhairt dó, 
an insíonn seisean dise céard a ólas sí?
 
*
 
Cé leis an imirt,
An t-athrú uabhair?
Éislinn gan chosaint
an éist linn nua.
 
Cuireadh chun dinnéir,
is an dá lámh dúnta –
promhadh, ní priocadh
a d’ordaigh an nuachar.
 
Ná ní gaisce a gcáineadh,
lánúin na fáilte,
an t-oráiste craorag 
á chaitheamh eatarthu.

 

Ise ag maíomh 
as a chniotáil seisean,
eisean ag maíomh
as a déantús miotail.
 
*
 
Ní foláir ligean leis,
mar bhrú ar an doicheall –
cróilí gan tindeáil
a theastaigh sa deireadh.
 
Drochrath ar an altra,
í ag fústráil faoin mbord,
an goile fánach
is an lón os a chomhair.
 
Tabhair meilte
ar na blianta a lean,
ar an gcuthach ceilte
a d’éirigh ina bean.
 
*
 
Is aithnítear arís nach leor seo, nach leor taobh na fothana ná faisnéis na heachtra, nach leor an siar is aniar a luíonn le hainm is fíor, faoi sholas dearg óstáin. Aithnítear nach leor seo.
 
Uamanna is lingeáin chuilce an chéad shraith, tá ráillí an Luas á gcur síos – cuain an earc luachra, nár rugadh is nár saolaíodh.
 
Tá a fhios agam é, a chuid – ní leor seo.
 
*
 
Ná ní leor, ach oiread,
an chríoch is a háiteamh
nach dtagann den chuairt
ach beannú na cnáimhe.
 
An bhfuilim fós 
le tarraingt air,
an leithscéal sin 
gan dealramh?
 
Och, ní galar aon 
duine amháin é,
is galair ann 
atá níos measa.
 
*
 
Ní leomhtar guth fir a rá
ach a ghuth féin, labhair fireann –
imeoidh seo, dúirt sé,
é seo, ní mhairfidh.
 
Áitím, ann sin,
gur shanntaíos
fear nár liom féin,
nárbh é a leath a leath de.
 
Ní cheadaítear guth mná a rá,
ach guth m’óige, d’fhreagair é –
a bhfuil tuillte agam cheana, gheobhaidh,
     a bhfuil curtha agam, bainfidh.
Page 86, Poetry Ireland Review Issue 121
Issue 121

Poetry Ireland Review Issue 121:

Edited by Eavan Boland

Eavan Boland's first issue as editor of Poetry Ireland Review aims to encourage a conversation about poetry which is  'noisy and fractious certainly ... but a conversation nevertheless that can be thrilling in its reach and  commitment'. There are new poems from Thomas McCarthy, Jean Bleakney, Wendy Holborow, Paul Perry, Aifric Mac Aodha, and many others, while the issue also includes work from Brigit Pegeen Kelly, with an accompanying essay on the poet by Eavan Boland. Eavan Boland also offers an introduction to the work of poet Solmaz Sharif, while there are reviews of the latest books from Simon Armitage, Peter Sirr, Lo Kwa Mei-en, and Vona Groarke, among others. PIR 121 also includes Theo Dorgan's elegiac tribute to his friend John Montague – a canonical poet, in contrast to the emerging poets Susannah Dickey, Conor Cleary and Majella Kelly, who contribute new work and will also read for the Poetry Ireland Introductions series as part of ILFD 2017.