Léaslínte

Simon Ó Faoláin
– do Zoë
 
Bhí an canary chomh marbh le hArt le tamall,
Ach ar chuma éigin agus sinn ag glíomáil timpeall
Fé sceon sa dorchadas, d’aimsigh ár lámha roth an aerghlais
Is chas
 
Nuair a bhris ár gceann barr farraige bhí an t-ádh linn:
Cnó bán pleastach ar snámh i measc na raice,
Gur bhláthaigh – buí mar dhuilleog báite –
Ina rafta tarrthála
 
Brúchtann ollbholgáin aníos
Le cliseadh gach bulcaide.
Ná bac leis – ní hann dúinn san áit sin níos mó –
Ach tóg do cheann
 
Cé nach fada a mhairfidh ár stór bídh
Agus n’fheadar cén aimsir atá chughainn,
Nach álainn iad na tonnta seo,
An spéir?
Page 104, Poetry Ireland Review Issue 119
Issue 119

Poetry Ireland Review Issue 119:

Edited by Vona Groarke

Poetry Ireland Review Issue 119 includes new poems by 48 poets including Frank Ormsby, John Kinsella, Rachel Coventry, Aifric Mac Aodha, Gerald Dawe, Alice Miller and Claire Potter. Also included are translations by Richard Begbie and Kirsten Lodge, an essay on Bishop, Lowell, Heaney and Grennan by David McLoghlin, and reviews of Paul Muldoon, Paul Durcan, Sarah Clancy, Medbh McGuckian, Kate Tempest, George the Poet, and many more. The issue also features photography by Hugh O'Conor, Dominic Turner, Sheila McSweeney, Fergus Bourke and John Minihan.