Maolra Seoighe

Alan Titley

                       – a crochadh san éagóir de dheasca ár Mhám Trasna 1882

 

Ghluais tú tríd an oíche shíoraí
Áit ar thrasnaigh na mathúin an sliabh
Lena ngeaitirí beaga den dlí a chuir lasadh
Leis an móin fhliuch a raibh taithí agatsa uirthi.
Is tú a fuair na clocha beaga crua ag feitheamh
Sna tithe móra nach bhfaca tú riamh roimhe
Go dtí lá beag sin na cearnóige féasóigí
Nuair a bhí peiribhiúic ar an bhfaiche
I bhfad níos fairsinge ná guth fann na fírinne.

Is ea. Níor thuig tú go raibh ór sna bailte agus
Sa bhéarla sin nár airigh tú riamh cheana,
Go raibh daoine gan puth anama ina suí
Ar phrócaí meala a ghreamaigh dá n-intinn.
Intinn álainn mós simplí a shealbhaigh do chorp,
Seantuiscintí a choinnigh comharsana ó scóig a chéile:
‘Ná goid, ná santaigh cuid do chomharsana,
Ná maraítear duine ar bith, ná crochtar fear
Chomh neamhurcóideach leis an leanbh sa bhroinn.’

Page 22, Poetry Ireland Review Issue 123
Issue 123

Poetry Ireland Review Issue 123:

Edited by Eavan Boland

Among the poets offering new work in the final Poetry Ireland Review of 2017 are Orla Martin, Catherine Phil MacCarthy, Harry Clifton,  Erin Halliday, Alan Titley, and Nan Cohen, while the Featured Poet is Belfast sensation Stephen Sexton. The books reviewed in this issue include new titles from Michael O'Loughlin, the late John  Montague, Biddy Jenkinson, Aifric Mac Aodha, Mark Roper, and Colette Bryce's Selected Poems.  Also included is editor Eavan Boland's examination of the life and work of the late John Ashbery, and the reasons for his pre-eminence among American poets of his century; and an evocative tribute to the late Gerard Fanning from his friend Gerard Smyth. The artwork for PIR 123 comes from the SO Fine Art Editions gallery, and the issue concludes with nine intriguing questions for Michael Longley, posed by fellow Belfast poets Stephen Connolly and Stephen Sexton – followed, of course, by nine intriguing answers.