On gCrann Silíní, Leánn na Peitil ina gCeann agus ina gCeann

Doireann Ní Ghríofa
Filleann an tseanbhean béal dorais arís 
i mbrothall mheán lae, gan uirthi an babhta seo 
ach gúna oíche agus bráisléad ospidéil. Suas-síos 
 
an tsráid léi ag rámhaille léi. Cloisim an fear ag 
uimhir a 3 – Cuir glaoch ar na Gardaí, a Mháire, 
tá sí ar ais, an créatúr, tá sí ar strae ón ospidéal arís.
 
Siar is aniar léi, idir béicíl is cogarnaí. Síneann sí méar 
chugainn ina nduine agus ina nduine, ag scréachaíl 
go bhfuilimid go léir i mbaol, i mbaol!  
 
Deir sí gur taibhsíodh di ár dtodhchaí, 
oighearshruthanna ag leá, farraigí ag ardú!
Deir sí gur gá dúinn ár ngasúir a bhailiú láithreach 
 
agus éalú, éalú! Ritheann sí ó dhoras go doras 
ag béicíl Imígí, imígí! Deifrígí, deifrígí! go dtí 
go dtagann an t-otharcharr arís. Ní fhágann a guth 
 
ach macalla gairid ina diaidh. Tá sí sábháilte 
anois, le beirt bhanaltra láidre dorn ar uilleann léi, 
á hiompar ar ais chuig Barda na Néaltrú Seanaoise,
 
áit a suífidh sí arís i gcathaoir bhog os comhair 
na teilifíse. Iompóidh sí a haghaidh ó réamhaisnéis 
na haimsire, agus breathnóidh sí uaithi ar na crainn 
 
silíní sa ghairdín, na peitil bhándearga a chlaochlaíonn 
an cosán ina chiumhais tais tim. Ó ghéaga na gcrann, 
feicfidh sí bláthanna ag titim agus ag titim.
Page 67, Poetry Ireland Review Issue 120
Issue 120

Poetry Ireland Review Issue 120:

Edited by Vona Groarke

Vona Groarke's final issue as editor is packed with new poems from leading contemporary poets, including Simon Armitage, Sinéad Morrissey, Colette Bryce, Paul Muldoon, Sean O'Brien and Caitríona O'Reilly. Books reviewed include new work from Derek Mahon, Bernard O'Donoghue, Rita Ann Higgins, Martina Evans, Denise Riley and the 2016 Forward Prize winner Vahni Capildeo. The centrepiece of the issue is an interview with Paul Muldoon in which the Armagh maestro shares his thoughts on subjects as diverse as public surveillance, the economic down-turn, and the exclamation mark. The cover image is by photographer Justyna Kielbowicz, and the issue also contains award-winning artwork from Sven Sandberg, Aoife Dunne, Jane Rainey, and Michelle Hall. Instead of an editorial, Vona herself answers the questionnaire she put to the contributors of Poetry Ireland Review Issue 118: The Rising Generation.