Rinceoir Spáinneach

Liam Ó‘Muirthile
‘Spanische Tänzerin’, le Rainer Maria Rilke
 
Mar chipín solais sa láimh ag spréachadh i mbáine
sara bpléascann ina lasracha, ag preabadh
ina leadhbanna bíogtha – mar seo, fáiscthe i bhfáinne
teann lucht féachana, baineann sí tine chreasa a láine
as brothall damhsa teasaí, as a lár féin ag greadadh.
 
Agus ina laom lasrach i dtobainne, bladhmann.
 
In aon amharc amháin a folt gruaige adhnann
in éineacht agus le dalbacht cheanndána
ag fiodrince lena gúna iomlán sa dóiteán,
óna n-éiríonn, ar nós naithreacha geitithe, ciaptha,
a lomaghéaga eascartha, ag claiceáil, ag síneadh.
 
Ansin, mar a bheadh anam na bladhma spíonta
sciobann sí, caitheann uaithi í faoi na boinn
le gothaí an uabhair go tiarnúil
agus amharcann anuas: luíonn ansiúd ar lár, ar mire
ag preabarnach fós, ná ní thabharfaidh isteach.
Ach maíteach anois, le siúráil agus straois
chaoin an aitheantais ardaíonn sí a smig
agus satlaíonn á múchadh le buillí beaga na dtroigh.
Page 103, Poetry Ireland Review Issue 119
Issue 119

Poetry Ireland Review Issue 119:

Edited by Vona Groarke

Poetry Ireland Review Issue 119 includes new poems by 48 poets including Frank Ormsby, John Kinsella, Rachel Coventry, Aifric Mac Aodha, Gerald Dawe, Alice Miller and Claire Potter. Also included are translations by Richard Begbie and Kirsten Lodge, an essay on Bishop, Lowell, Heaney and Grennan by David McLoghlin, and reviews of Paul Muldoon, Paul Durcan, Sarah Clancy, Medbh McGuckian, Kate Tempest, George the Poet, and many more. The issue also features photography by Hugh O'Conor, Dominic Turner, Sheila McSweeney, Fergus Bourke and John Minihan.