Sruthán na Láire Báine

Carolyn Claire Mitchell
Ní raibh mé riamh ann
ach cloisim é 
ag siosarnach is ag slaparnach
tríd an talamh bán bánaithe –
na daoine óga ar an mbád bán
is seanduine le béal bán
ag labhairt le fear an raidió
faoi sruthán ag triomú
faoi láir gan searrach
faoi na fuaimeanna is na focla
ag imeacht bán 
gan béala ná beola chun iad a rá.
Cloisim na focla sin ag stealladh uaidh
mar uisce geal ar thalamh spalptha.
Níl speach sa láir shéimh seo
í ina seasamh ar bhruach an tsrutháin.
Bíonn an seanduine ag éisteacht léi fós
agus tuigeann an talamh bán i gcónaí í.
Page 94, Poetry Ireland Review Issue 119
Issue 119

Poetry Ireland Review Issue 119:

Edited by Vona Groarke

Poetry Ireland Review Issue 119 includes new poems by 48 poets including Frank Ormsby, John Kinsella, Rachel Coventry, Aifric Mac Aodha, Gerald Dawe, Alice Miller and Claire Potter. Also included are translations by Richard Begbie and Kirsten Lodge, an essay on Bishop, Lowell, Heaney and Grennan by David McLoghlin, and reviews of Paul Muldoon, Paul Durcan, Sarah Clancy, Medbh McGuckian, Kate Tempest, George the Poet, and many more. The issue also features photography by Hugh O'Conor, Dominic Turner, Sheila McSweeney, Fergus Bourke and John Minihan.