An Fiach Dubh 2021: Comórtas Filíochta Gaeilge

Deadline: 30 Jun 2021

Is comórtas náisiúnta agus idirnáisiúnta é seo d’fhilí Gaeilge. Duais nua is ea An Fiach Dubh, agus comórtas nua, a bheidh mar chuid úr den Fingal Poetry Festival i mbliana, Meán Fómhair 16ú – 19ú 2021. Gheobhaidh buaiteoir ‘An Fiach Dubh’ duais €500, agus beidh duais €300 don dara áit, €200 don triú áit. Beidh an comórtas ar oscailt ón 1ú Bealtaine agus dúnfar é meánoíche ar 30ú Meitheamh. ’Sé moltóir an chomórtais seo i mbliana ná an file aitheanta Aifric Mac Aodha. Tá rialacha agus mionsonraí an chomórtais An Fiach Dubh ar an suíomh idirlín: https://fingalpoetryfestival.com