Aneas: Glaoch Oscailte

Deadline: 1 May 2021

Cuirfidh an iris bhliantúil litríochta Gaeilge Aneas fáilte roimh ábhar dá dara heagrán ó scríbhneoirí na Gaeilge idir 1 Aibreán agus 1 Bealtaine 2021. Dánta agus gearrscéalta amháin atáthar ag glacadh leo faoi láthair. Ní mór don ábhar gan a bheith foilsithe cheana féin. Cuirfear fáilte roimh ábhar ó scríbhneoirí bunaithe agus guthanna nua araon.

Tuilleadh eolais, agus clárú le córas Submittable chun ábhar a chur isteach, ach cuairt a thabhairt ar: https://southword.submittable.com/submit/190847/saothair-filiochta-agus-prois-le-haghaidh-aneas