Denis Devlin Award 2025 - Irish Language Poetry

Deadline: 13 Feb 2025

Dámhachtain Denis Devlin 2025 

Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon Dámhachtain Denis Devlin a fhógairt mar chuid de Bhabhta 1 den Dámhachtain Sparánachta Litríochta don Ghaeilge 2025. Cuireadh Dámhachtain Denis Devlin ar bun in 1961 chun gradam a thabhairt don leabhar filíochta nua is fearr sa Bhéarla, trí chiste iontaobhais a bhunaigh muintir agus cairde Denis Devlin. Rinneadh í a thairiscint den chéad uair in 1964 d’Austin Clarke, agus den uair dheireanach in 2001 do Paula Meehan. 

Tá athbheochan á déanamh ar an dámhachtain seo in 2025, agus beidh gradam aon uaire de €20,000 á thairiscint trí Bhabhta 1 den Dámhachtain Sparánachta Litríochta don Ghaeilge 2025 d'ealaíontóir an-chumasach chun tabhairt faoina c(h)leachtas i bhfilíocht na Gaeilge. 

Is é 17:30, Déardaoin 13 Feabhra 2025 an spriocdháta chun iarratas a chur isteach, agus beidh seisiún eolais á reáchtáil ag Aisling Nic Artáin, Ceann na nEalaíon Gaeilge agus Litríocht na Gaeilge, ar an 30 Eanáir chun an Dámhachtain Sparánachta Litríochta don Ghaeilge a phlé. 

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo: https://www.artscouncil.ie/ga/Cisti/Damhachtain-Sparanachta-Litriochta-don-Ghaeilge/ 

The Arts Council is delighted to announce the Denis Devlin Award as part of Round 1 of the Irish Language Literature Bursary Award 2025. The Denis Devlin Award was founded in 1961 to make an award to the best new poetry book in English, through a trust fund founded by Denis Devlin's friends and family. It was offered for the first time in 1964 to Austin Clarke, and for the last time in 2001 to Paula Meehan. 

This award is being revitalised in 2025, and a one-time bursary of €20,000 will be offered through the Irish Language Literature Bursary Award Round 1 to an artist of significant potential to pursue their practice in Irish language poetry. 

The deadline to submit an application is 17:30, Thursday 13th February 2025, and Aisling Nic Artáin, Head of Irish Language Arts and Irish Language Literature, will host an information session on the 30th January to discuss the Irish Language Literature Bursary. 

More information is available here: https://www.artscouncil.ie/Funds/Damhachtain-Sparanachta-Litriochta-don-Ghaeilge/